Scéim Deisiúcháin
agus Léasúcháin
Cad é an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe?
- Ceapadh an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe (RLS) faoi Atógáil na hÉireann chun cuidiú le húinéirí réadmhaoine réadmhaoin fholamh a thabhairt ar ais in úsáid.
- Sá chás ina dteastaíonn deisiúcháin ó réadmhaoin chun í a thabhairt go dtí an caighdeán cuí do réadmhaoine ar cíos, íocfaidh an RLS as na deisiúcháin roimh ré i gcomaoin an réadmhaoin a curtha bheith ar fáil lena húsáid mar thithíocht shóisialta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad faoi léas díreach nó faoi Shocrú Infhaighteachta ar Cíos leis an údarás áitiúil.
- Faoin scéim, aisíocfaidh an t-úinéir costas na ndeisiúchán trí é a fhritháireamh i gcoinne na cíosa dlite don úinéir ar an réadmhaoin thar thréimhse chomhaontú an léasa.
Cé mhéad maoiniú atá ar fáil?
- €40,000 an t-uasmhéid maoinithe atá ar fáil, CBL san áireamh
- I gcás go raibh an réadmhaoin ina seomra suí is leapa roimhe, atá á athchóiriú go mbeidh sé ar aon dul leis na Caighdeáin do Thithe Ar Cíos, beidh maoiniú chomh mór le €50,000, CBL san áireamh, ar fáil.
Cén cineál deisiúchán a n-íocfar astu faoin scéim?
- Beidh leibhéal íseal infheistíochta ag teastáil ó na réadmhaoine a ndíreofar orthu chun iad a thabhairt go dtí na caighdeáin chuí gur féidir é a ligean ar cíos. Áireoidh formhór na n-oibreacha nithe amhail, mar shampla-
- urlár, cistin agus troscán nua;
- pluiméireacht nó oibreacha teasa ar ghrád íseal, uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh;
- uasghráduithe nó athsholáthair fuinneoga agus doirse;
- insliú;
- péinteáil agus maisiú.
- Ní mheastar go mbeidh gá le haon leibhéal oibreacha struchtúracha suntasach agus i bhformhór na gcásanna ní bheidh aon cheadanna pleanála ag teastáil.
Cad iad na híosriachtanais?
Tá roinnt riachtanas maidir leis an scéim, lena n-áirítear:
- ní mór an réadmhaoin a bheith folamh ar feadh ar a laghad 12 mhí roimh iarratas a dhéanamh ar an scéim;
- ní mór go mbeadh éileamh ar thithíocht shóisialta i leith na réadmhaoine sa cheantar;
- ní mór an réadmhaoin a mheas mar inmharthana chun tithíocht shóisialta a chur ar fáil.
Cén t-achar a gcaithfear an réadmhaoin a chur ar fáil do thithíocht shóisialta?
- Is é 5 bliana an t-íostéarma léasa agus is é 20 bliain an t-uastéarma. Laistigh de na teorainneacha sin, is féidir fad an léasa a phlé leis an údarás áitiúil agus d’fhéadfadh an fad an léasa a bheith ag brath ar chostas na n-oibreacha uasghrádaithe.
Cé a bheidh ina thiarna talún ar an réadmhaoin?
- Féadfaidh úinéir réadmhaoine faoi RLS ceann de na socruithe seo a leanas a roghnú-
- léas díreach, nó
- Socrú Infhaighteachta ar Cíos,
le húdarás áitiúil.
- I gcás go roghnaíonn an t-úinéir socrú maidir le léasú díreach a dhéanamh, is é an t‑údarás áitiúil nó an AHB a bheidh ina thiarna talún ar an réadmhaoin; ní bheidh aon fhreagrachtaí mar thiarna talún ar úinéir na réadmhaoine.
- I gcás go roghnaíonn an t-úinéir Socrú Infhaighteachta ar Cíos a dhéanamh leis an údarás áitiúil, beidh ar úinéir na réadmhaoine a bheith ina thiarna talún don tionónta agus freagrachtaí tiarna talún a chomhlíonadh.
- Cuirfidh an t-údarás áitiúil nó an AHB réadmhaoine a fhaightear faoin dá shocrú ar fáil mar chóiríocht do theaghlaigh arna bhfaomhadh ag an údarás áitiúil do thithíocht shóisialta.
Céard iad na buntáistí atá le RLS don úinéir réadmhaoine?
- Ní mór d’úinéirí réadmhaoine atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar an scéim, nó atá ag lorg tuilleadh eolais, teagmháil a dhéanamh lena n-údarás áitiúil.
See below for further details and contacts for individual local authorities:
Local Authorities